Síomha - Craobhacha (feat. the olllam)

Ag éisteacht leis an ngáire, ba mhaith leotha níos mó
Is ná bac leis na torthaí, titfidh sé amach gan stró
Chuirfeadh do ghreann ortha ar aon duine beo
Ach ligim ort an brat anuas
Tágaim chugat anois, a ghrá, le gach dea rún
Ach tá sé taobh thall de mo chumas, nach dtuigeann tú
Sa tóir ar thearmann uaigneach, ar an mbóthar úd
Ach chuamar ar strae

Ní mian do chroí mé
Crá mo chléibh is ea é, a ghortaíonn tú
Ach sí an fhírinne atá uaim

Tá geimhreadh eachtrach caite, is scaoilte uainn
D'fhan sé ' bhfad ró-fhada, cosúil liom fhéin
Cuireann tú an locht orm, is mé faoi chian
I ndúluachair go deo
Folaíonn tú na craobhacha ó chrainn neamhbheo
Ní fhreagródh siad sinne, go brách go deo
Ach gheobhaimidne éisteacht ó chrann na ndeor
A dhreapas fhéinigh uair nó dhó

Ní mian do chroí mé
Crá mo chléibh is ea é, a ghortaíonn tú
Ach sí an fhírinne atá uaim

Ní mian do chroí mé
Crá mo chléibh is ea é, a ghortaíonn tú
Ach sí an fhírinne atá uaim
Ní mian do chroí mé
Crá mo chléibh is ea é, a ghortaíonn tú
Ach sí an fhírinne atá uaim
Ní mian do chroí mé
Crá mo chléibh is ea é, a ghortaíonn tú
Ach sí an fhírinne atá uaim

Written by:
Síomha Brock

Publisher:
Lyrics © Z-TOWN MUSIC, O/B/O DistroKid

Lyrics powered by Lyric Find

Síomha

Síomha

View Profile